Coirnéal na Gaeilge (Irish corner)

Published in News, Senior Football

COIRNÉAL NA GAEILGE

An bhfuil réabhlóid teanga na gcluichí Gaelacha ar na bacáin? Sin an cheist atá ar bheola na nGael i ndiaidh gur fhógair Bord CLG Thír Eoghain go mbeadh ‘Coirnéal na Gaeilge’ ann i bPáirc Uí hÉilí ar an Ómaigh Dé Sathairn le haghaidh an chluiche sraithe idir na Lámha Dearga agus Doire. Is é atá i gceist leis an choirnéal seo ná go mbeidh limistéar sainithe ann do chainteoirí Gaeilge inár féidir leo suí le chéile agus a dteanga a labhairt i gcomhluadar Gaelach. “Tá muid ag iarraidh ar thacadóirí a bhfuil Gaeilge acu teacht le chéile sa limistéar seo ionas go mbeidh siad in ann an teanga a úsáid gan stró agus í a dhéanamh ina dlúthchuid dá saol sóisialta,” arsa urlabhraí ar son an Bhoird Chontae. Feictear go mbeadh an-tionchar ag coirnéil Ghaeilge mar seo i staideanna eile ar fud na hÉireann – samhlaigh an chantaireacht lán-Ghaeilge ón chuid seo den pháirc! – agus go mbeadh tábhacht ar leith ag a leithéid de chur chuige ag Ceanncheathrú CLG ach go háirithe. Ceann de na bundeacrachtaí a bhíonn ag pobal na Gaeilge ná nach seasann muid amach ón slua agus nach féidir Gaeil eile a aithint go héasca gan aithne bheith agat orthu roimh ré nó muna gcluineann tú iad i mbun comhrá. Sáraíonn an coincheap nua seo na fadhbanna sin agus tugann sé guth as an úr do chainteoirí Gaeilge ag cluichí CLG. Cad é bhur meas mar sin, an mbeifeá sásta suí le Gaeil eile agus dul i bhfeidhm go glórach ar an chuid eile den pháirc? Ar chóir Coirnéal Gaeilge bheith i bPáirc an Chrócaigh? Sin é ceist eile mar a déarfhá!